Untitled Page 2

OverviewTranscribeVersionsHelp

Facsimile

Transcription

Status: Needs Review
Show Translation

Nuair a bhí a gcuid snáimh déanta age sna
garsúin do chuireadar umúmpa a gcuid éadaig[h]
7 annsan do bhíodar ag máineáil leótha aníos
as an bhfaill riamh 7 choidhche go dtí gur bhain-
eadar amach barra na haille. Do shíneadar
siar go breágh dhóibh fhéin annsan. 7 do bhí a
ngoradh le gréin aca i mbun a suaimhnis.

Do bhí trí cinn d'asail ag ithe dhóibh féin ar
an móinteán 'san áit go raibh na garsúin á
ngrianadh féin, 7 do phreab triúr de sna
garsúin láithreach baill [']na suídhe, 7 do chuadar
ag marcuigheacht ar na hasail. Dubhradar
féin le na chéile annsan go mbeadh rás asal
aca siar 's aniar, 7 síos suas an móinteán.

Ach a leithéid sin de rás! Do chrom na hasail
ar ghárthaig[h] chomh luath is bhraitheadar go raibh na
garsúin ar a muin, 7 do bhí na garsúin eile
bhí sínte siar ag faoithrig(h)*1 fútha ar a ndícheall.
Do bhíos féin

*1 = faíreach

Notes and Questions

Nobody has written a note for this page yet

Please sign in to write a note for this page